Mícheál Ua Ciarmhaic
Iascaire, feirmeoir, scríbhneoir agus péintéir as Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach é Mícheál Ua Ciarmhaic (1906-2005). Taobh amuigh de thréimhse ghairid a chaith sé sna Stáit Aontaithe le linn ghéarchéim an Spealta Mhóir, is i mBaile an Sceilg a chaith sé a shaol ar fad, ag socrú síos ar thalamh a mhuintire, áit ar thóg sé féin agus a bhean Peigí seisear clainne. D’fhoilsigh sé ocht leabhar Gaeilge a thugann sárléargas ar shlite beatha agus ar chultúr ceantair agus pobail ar leith. Is iomaí eachtra a bhí aige ar muir agus ar tír agus léiríonn a chuid scríbhinní an t-eolas doimhin a bhí aige ar an dúlra agus an t-ómós a bhí aige don bheatha fhiáin ina thimpeall.