Iascaire, feirmeoir, scríbhneoir agus péintéir as Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach é Mícheál Ua Ciarmhaic (1906-2005). Taobh amuigh de thréimhse ghairid a chaith sé sna Stáit Aontaithe le linn ghéarchéim an Spealta Mhóir, is i mBaile an Sceilg a chaith sé a shaol ar fad, ag socrú síos ar thalamh a mhuintire, áit ar thóg sé féin agus a bhean Peigí seisear clainne. D’fhoilsigh sé ocht leabhar Gaeilge a thugann sárléargas ar shlite beatha agus ar chultúr ceantair agus pobail ar leith. Is iomaí eachtra a bhí aige ar muir agus ar tír agus léiríonn a chuid scríbhinní an t-eolas doimhin a bhí aige ar an dúlra agus an t-ómós a bhí aige don bheatha fhiáin ina thimpeall.
Scoláire litríochta agus teanga í Máirín Nic Eoin a bhfuil go leor alt agus leabhar foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge, ina measc: An Litríocht Réigiúnach (1982), Trén bhFearann Breac (2005) agus (mar chomheagarthóir), Ar an Imeall i Lár an Domhain (2021).
Tá saothar scoláireachta Mary Shine Thompson dírithe ar chúrsaí litríochta agus cultúir in Éirinn, agus tá raidhse leabhar agus alt foilsithe aici ar an nuafhilíocht, ar litríocht na n-óg, agus ar chúrsaí dlí agus oideachais. Chóirigh sí dhá chnuasach de scríbhinní Béarla Mhíchíl Uí Chiarmhaic / Michael Kirby, Skelligs Sunset (2006) agus Skelligs Haul (2019).